Български Česky Deutsch Eesti Ελληνικά English Español Français Gaeilge Italiano Latviski Lietuviškai Magyar Nederlands Polski Português Română Русский Slovensko Slovensky Suomi Svenska
Fáilte go dtí an e-lámhleabhar
ar rannpháirtíocht aosach sna hollscoileanna!
Tá an lámhleabhar dírithe
ar bhainisteoirí, ar mhúinteoirí agus
orthu siúd a bhíonn ag obair le
daoine fásta sna hollscoileanna. Dob fhéidir é a
bheith inspéise chomh maith d'oiliúnóirí foirne,
do chomhordnóirí forbartha gairmiúla,
do lucht déanta polasaí agus do
lucht riaracháin ar spéis leo ardoideachas
aosach, d'fhoirne ghníomhaireachtaí náisiúnta
a bhfuil ról acu cur le rannpháirtíocht
aosach sna hollscoileanna, d'fhoghlaimeoirí fásta,
nó do dhaoine ar bith eile ar spéis
leo leathnú rannpháirtíochta
sa rannóg um ardoideachas.
Díríonn an lámhleabhar
ar réimsí ar leith gur cheart do
bhainisteoirí ollscoileanna agus daoine
eile iad a chur san áireamh más
mian leo cur le rannpháirtíocht.
Ar na réimsí seo tá an curaclam
aosach, modheolaíocht oideachais aosaigh,
tacaíocht agus treoir do mhic léinn
fhásta, for-rochtain pobail agus ICT d'fhonn
rannpháirtíocht a fhorleathadh.
Dob fhéidir an lámhleabhar a úsáid
chun polasaithe a chur chun cinn maidir le
cur le rannpháirtíocht aosach
agus d'fhonn cleachtais nua a thabhairt i gceist
a thabharfadh grúpaí nua aosacha
faoi réir an ard-oideachais.
|
ALPINE project co-ordinator
Dr. Rob Mark. Click
to play. |
Tá súil
againn go ndéanfaidh an e-lámhleabhar
seo:
•
Acmhainn áisiúil a chur ar fáil
dóibh siúd atá gníomhach
i bpleanáil agus i seachadadh oideachais
aosaigh sna hollscoileana,
•
An ghné Eorpach den fhoghlaim aosach a neartú,
cur le heolas agus le tuiscint ar na buncheisteanna,
agus borradh agus biseach a chur faoi oideachas
saoil a chur ar fáil sna hollscoileanna.
(Translation "Gaeilge-Irish" provided
by Aonad na Gaeilge, University of Limerick www.ul.ie/aonadnagaeilge)
|