Má tá tú ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge i roinn bheag chairdiúil, seo an áit agat! Cuireann muid aithne ar gach uile mhac léinn agus is breá linn cuidiú leo am ar bith. Tá an bhéim go hiomlán ar an Nua-Ghaeilge trí chúrsa na céime ar fad, ach gheobhaidh tú seans staidéar a dhéanamh ar thréimhsí eile den teanga ag Leibhéal 2 agus ag Leibhéal 3. Má bhíonn suim agat cuid de na teangacha Ceiltise eile – an Bhreatnais, An Chornais agus Gàidhlig na hAlban – a fhoghlaim, féadfaidh tú sin a dhéanamh. Le cois staidéar a dhéanamh ar theanga, tig leat modúil eile a phiocadh áit a ndéanfaidh tú staidéar ar ghnéithe den litríocht, den chultúr agus den stair: Béaloideas na hÉireann, An Ghaeilge in Éirinn faoi láthair, Traidisiún Liteartha na nGael, agus Filíocht Chúige Uladh 1650-1850. Tá muid lánchinnte go dtaitneoidh cúrsa na Gaeltachta leat a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair gach uile bhliain do mhic léinn Leibhéal 2 agus Leibhéal 3. Tugadh aitheantas foirmeálta dúinn i 2001 as an tsárchéim feabhais atá bainte amach againn sa teagasc agus sa taighde nuair a bhain muid amach an scór ard 23 as 24 sa Mheasúnú ar Cháilíocht an Teagaisc agus scór fíorard eile Grád 5 sa Chleachtas Measúnaithe Taighde.
Welcome to Queen's University! If you want to study Irish in a small and friendly department, this is the place for you! We get to know all our students and we are happy to help them at any time. The emphasis throughout the BA degree course is on Modern Irish, but you will also get the opportunity to study older periods of the language in Level 2 and Level 3. If you would like to learn some of the other Celtic languages – Welsh, Cornish, and Scottish Gaelic – you can do so. In addition to language, you can also choose modules that combine aspects of literature, culture and history: Irish Folklore, The Irish Language in Contemporary Ireland, The Irish Literary Tradition, and Ulster Poetry 1650-1850. We’re sure that you’ll enjoy the very popular course held in the Gaeltacht in September each year for Level 2 and Level 3 students. Our excellence both in teaching and in research was formally recognised in 2001 with a high score of 23 out of 24 in the Teaching Quality Assessment, and an equally high Grade 5 in the Research Assessment Exercise.
Irish and Celtic Studies
School of Languages, Literatures and Performing Arts,
Queen's University,
Belfast, BT7 1NN
Northern Ireland
Tel: (028) 90975366
Fax: (028) 90324549
email: celtic@qub.ac.uk