Earnáil faoi bhláth atá sna meáin Ghaeilge, agus tá líon na gcéimithe atá ag dul sa treo sin ag méadú dá réir. Dearadh an MA i Léiriú Scannán agus i Scríbhneoireacht Scripte, a thosóidh i Meán Fómhair 2011, le freastal ar an earnáil seo trí chéimithe a sholáthar a bhfuil sárscileanna Gaeilge acu taobh le hoiliúint i léiriú scannán agus i scríbhneoireacht scripte.
Soláthróidh MA Léiriú Scannán agus Scríbhneoireacht Scripte ardscileanna teanga do chéimithe, a fhágfaidh go mbeidh siad in ann dul go sásúil i gcionn oibre i dtimpeallacht na meán Gaeilge. Ní bheifear ag dúil le réamheolas ar Léann na Scannánaíochta agus, mar sin de, díreoidh an modúl ‘modhanna taighde’ ar chleachtas criticiúil agus cruthaitheach sa scannánaíocht. Beidh trí mhodúl riachtanacha ina dhiaidh seo ann. Beidh modúl acu seo faoi chúram Roinn Léann na Scannánaíochta agus an dá mhodúl eile faoi chúram Roinn na Gaeilge. Cinnteoidh seo cothromaíocht idir na codanna Gaeilge agus scannánaíochta san MA, maidir leis na modúil theagasctha. Ní mór an tráchtas a scríobh i nGaeilge, ach i gcás thráchtais an chleachtais chruthaithigh, éascóidh úsáid fotheideal leis an chomhairliú le comhghleacaithe Léann na Scannánaíochta nuair is gá. Beidh fáilte roimh mhic léinn pháirtaimseartha agus lánaimseartha araon. Déanfaidh an chéad dream acu seo dhá mhodúl sa chéad bhliain, modúl sa Ghaeilge agus sa scannánaíocht.
Sonraí an chláir:
Tá 6 mhodĂșl san MA i Léiriú Scannán agus i Scríbhneoireacht Scripte:
Dhá mhodúl riachtanacha i Léann na Scannánaíochta:
Dhá mhodúl riachtanacha sa Ghaeilge agus sa Léann Ceilteach.
Riachtanais Iontrála
Beidh ag iarrthóiri de ghnáth céim le hOnóracha den chéad/dara grád uachtarach sa Ghaeilge nó i ndisciplín gaolmhar.
Tá fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil taithí acu sna meáin Ghaeilge ach nach bhfuil cailíocht foirmeálta sa Ghaeilge acu. Tá fáilte roimh iarratais ó mhic léinn chuí idirnáisiúnta (GPA 3.3 nó níos fearr i ngort cuí).
Caithfidh gach iarrthóir scúdú iontrála a dhéanamh lena gcumas teanga agus critice a mheas.
Modh Iarratais
Tá ar iarrthóirí iarratas ar líne a chomhlánú. Cliceáil anseo le dul a fhad leis an fhoirm iarratais. Iarrtar dhá theistiméireacht acadúla.
Sparánachtaí
Tá sparánacht ILBF ar fáil d’iarrthóirí ar an chúrsa seo.
Tuilleadh eolais:An t-Oll. Gregory Toner, An Ghaeilge agus An Léann Ceilteach, SLLPA, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
The Irish-language media is a growing sector and an increasingly common destination for graduate students. Our new MA in Irish-medium Film and Script Production, beginning in September 2011, is designed to service this sector by equipping graduates with high-level Irish-language skills and training in the areas of film production and screenwriting.
The MA in Irish-medium Film and Script Production will provide advanced language skills for graduates which will enable them to function fully and successfully in an Irish-language media environment. It will not assume any prior familiarity with Film Studies and, for that reason, the research methods module will focus on creative and critical practice in film. There will be three further compulsory modules, one of which will be provided by Film Studies and the other two by Irish and Celtic Studies. This will ensure an even balance between the language and film components of the MA in terms of the taught modules. It will be necessary for the dissertation to be taken in Irish but, in the case of creative practice dissertations, the use of sub-titling will facilitate the consultation with colleagues in Film Studies, where necessary. The MA will be open to both full-time and part-time students; the latter will take two modules in their first year, one each in Irish and Film.
Programme Details:
The MA in Irish-medium Film and Script Production is comprised of 6 modules:
Two compulsory modules in Film Studies:
Two compulsory modules in Irish and Celtic Studies:
Entrance Requirements:
Candidates will normally be expected to hold an upper second class honours degree or above in Irish (or a cognate discipline) from a recognised institution. Applications from candidates with experience in the Irish media, but without a formal Irish-language qualification, are also welcome, as are applications from suitably qualified international students (GPA of 3.3 or above in an appropriate field). All candidates will be set an entrance examination to determine the appropriateness of both their Irish-language and critical skills for this programme.
Method of Application:
To apply for this course use the online application form
Further Details:
Prof. Gregory Toner, Irish & Celtic Studies, SLLPA, Queens University Belfast (g.toner@qub.ac.uk)
Follow Us On: