Skip to main content

Irish Translation Studies

Dioplóma/MA Léann an Aistriúcháin Ghaeilge


Cuspóirí an chúrsa

Aistritheoirí Gaeilge a oiliúint is aidhm leis an Dioplóma/MA. Is féidir an cúrsa a dhéanamh go lánaimseartha in aon bhliain amháin, nó go páirtaimseartha laistigh de dhá bhliain, ag tosú i Meán Fómhair sa dá chás. Bíonn an bhéim ar dhlúthmhaoirseacht indibhidiúil na mac léinn agus ar theagasc i ngrúpaí beaga.

Struchtúr an chúrsa: An Dioplóma

Dioplóma ar bhonn seimeastar, a bhfuil ceithre mhodúl theagasctha ann, atá sa chúrsa seo. Déantar staidéar orthu seo i gceann no eile den dá sheimeastar, agus measúnaítear iad trí obairchúrsa agus/nó trí scrúdú scríofa. Bronntar Dioplóma Léann an Aistriúcháin Ghaeilge ar iarrthóirí a n-éiríonn leo pasmharc (50%)  a bhaint amach i ngach ceann dá modúil theagasctha. Bronntar Dioplóma le Moladh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo meánmharc 60% nó níos mó a bhaint amach i ngach ceann dá modúil theagasctha.

Struchtúr an chúrsa: MA

MA ar bhonn seimeastar, a bhfuil sé mhodúl ann, atá sa chúrsa seo. Tá ceithre mhodúl theagasctha ann agus tráchtas arb ionann é agus dhá mhodúl. Déantar staidéar ar na modúil theagasctha i gceann no eile den dá sheimeastar, agus measúnaítear iad trí obairchúrsa agus/nó trí scrúdú scríofa. Téann iarrthóirí a n-éiríonn leo pasmharc (50%)  a bhaint amach i ngach ceann dá modúil theagasctha ar aghaidh agus scríobhann tráchtas. Moltar go mbronnfaí dámhachtán chéim MA nuair a bhíonn na scrúdaitheoirí sásta leis an tráchtas. Bronntar MA le Gradam ar iarrthóirí a n-éiríonn leo meánmharc 70% nó níos mó a bhaint amach. Bronntar Dioplóma, faoi rogha Bhord na Scrúdaitheoirí, orthu siúd a bhaineann pasmharc amach i ngach ceann dá modúil theagasctha, ach nach gcuireann tráchtas sásúil isteach nó nach gcuireann tráchtas isteach ar chor ar bith.

Dátaí measúnachta

Déantar scrúduithe scríofa i Mí Eanáir agus i Mí Iúil. Socraíonn teagascóirí spriocdhátaí don obairchúrsa. 15 Meán Fómhair spriocdháta an tráchtais do mhic léinn lánaimseartha agus 1 Bealtaine do mhic léinn pháirtaimseartha.

Riachtanais Iontrála

-          Céimithe a bhfuil Céim Onóracha sa Ghaeilge acu; nó

-          Cainteoirí dúchais Gaeilge ar chéimithe iad le hábhar nach Gaeilge é; nó

-          Daoine nach céimithe iad a bhfuil baint acu leis an aistriúchan le tamall de bhlianta anuas.

Caithfidh gach iarrthóir ardchumas scríbhneoireachta, idir Ghaeilge agus Bhéarla, a léiriú i scrúdú iontrála.

Modh Iarratais

Tá ar iarrthóirí iarratas ar líne a chomhlánú. Cliceáil anseo le dul a fhad leis an fhoirm iarratais. Iarrtar dhá theistiméireacht acadúla.

Tuilleadh eolais ar fáil ó

An Rúnaí
An Ghaeilge agus an Léann Ceilteach
Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na dTaibh-ealaíon.
Ollscoil na Banríona
Béal Feirste
BT7 1NN

Guthán: (028) 90975366/90975363
Facs: (028) 90975345
R-phost: celtic@qub.ac.uk

Course objectives

The aim of the Diploma/MA is to train Irish-language translators.  It may be taken full-time over one year, or part-time over two years, commencing in both cases in September.  The emphasis is on close individual supervision of students and teaching in small groups.

Course structure: Diploma

The course is semester-based and consists of four taught modules.  These are studied during one or other of the two semesters, and assessed through coursework and/or written examination.  Candidates who achieve a pass mark (50%) in each of their taught modules will be awarded the Diploma in Irish Translation Studies.  Candidates who achieve an overall average mark of 60% or above will be awarded the Diploma with Commendation.

Course structure: MA

The course is semester-based and consists of six modules: four taught modules and a dissertation, which is equivalent to two modules.  The taught modules are studied during one or other of the two semesters, and assessed through coursework and/or written examination.  Candidates who achieve a pass mark (50%) in each of their taught modules proceed to the dissertation, and recommendations for the award of the degree of MA are made when candidates have satisfied the examiners in the dissertation.  Candidates who achieve an overall average mark of 70% or above will be awarded the degree of MA with Distinction.  Those candidates who, having reached a pass mark in each of their taught modules, submit an unsatisfactory dissertation, or fail to submit a dissertation, may, at the discretion of the Board of Examiners, be awarded the Diploma.

Assessment dates

Written examinations are held in January and June.  The submission dates for coursework are arranged by the tutors.  The submission dates for the dissertation are 15 September for full-time students and 1 May for part-time students.

Entrance requirements

- Graduates with an Honours degree in Irish; or
- Native speakers of Irish, who are graduates in subjects other than Irish; or
- Non-graduates who have been involved in Irish translation for a number of years.  

All applicants must demonstrate a high command of written Irish and English in a qualifying examination. 

Method of application

Candidates are required to complete an online application form.  Click here for link to online application form.  Two academic references are required.

Further information may be obtained from 

The Secretary 
Irish and Celtic Studies
School of Languages, Literatures and Performing Arts
Queen's University
Belfast
BT7 1NN

Tel: (028) 90975366/90975363
Fax: (028) 90975345
Email celtic@qub.ac.uk


Modules

The following four modules are compulsory.

CEL7041 Language Contrasts and Semantics
CEL7042 Language Specifics
CEL7043 Literary Translation
CEL7044
Translation and Communication